Siopa Leabhar

Caith súil ar an stór foilsiúchán againn sa siopa leabhar ar line.

»» Clicáil Anseo
Fógraí
Logáil Isteach Síntiúsóra




Bunaíodh an t-inphrionta foilsitheoireachta LeabhairCOMHAR athuair sa bhliain 2010 chun nua-litríocht agus nua-scríbhneoireachta na Gaeilge a fhorbairt, chomh maith le rogha den scoth de scríbhneoirí agus ábhair a chur ar fáil. Tá sé mar aidhm ag an gcomhlacht seo scríbhneoirí úra a earcú agus a chothú ar bhonn leanúnach agus tá sraitheanna nua leabhar á bhforbairt aige faoi láthair:

GUTH NUA (ficsean do dhaoine fásta, scríofa ag scríbhneoirí úra);
DORAS FEASA (leabhair stairiúla agus faisnéise);
AN SAOL ÓG (pictiúrleabhair agus litríocht do pháistí);
SAOL AGUS SAOTHAR (beathaisnéisí acadúla);
TÉAD NA FILÍOCHTA (cnuasaigh théamúla d’fhilíocht ó údair aitheanta); agus
FOGHLAIMEOIR FÁSTA (úrscéalta do dhaoine fásta ag foghlaim na Gaeilge)

Foilsíonn LeabhairCOMHAR seánraí eile chomh maith: saothair do dhaoine óga; filíocht; drámaí; agus gearrscéalta. Mar a thugann teideal an chomhlachta, ‘COMHAR’ le fios, bíonn comhoibriú agus comhpháirteachas, idir an scríbhneoir agus na riarthóirí, mar chroílár an chomhlachta seo.

Ba bhreá le LeabhairCOMHAR fáilte a chur roimh scríbhneoirí samplaí de shaothair a chur chugainn agus a bheith i dteagmháil linn ag leabhaircomhar@gmail.com nó 01-6785443

----------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------
 

Ag Siúl an Bhealaigh Mhóir: Aistí in Ómós don Ollamh Nollaig Mac Congáil

Sheol iar-Stiúrthóir Ginearálta RTÉ agus iar-Cheannasaí TG4, Cathal Goan, an leabhar nuafhoilsithe AG SIÚL AN BHEALAIGH MHÓIR: AISTÍ IN ÓMÓS DON OLLAMH NOLLAIG MAC CONGÁIL ar 19 Aibreán in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Grianghraif ón ócáid ANSEO. 

Preasráiteas agus breis eolais faoin leabhar ANSEO.

Cóipeanna den leabhar ar fáil sa siopa leabhar ar líne anseo.

 

 

..............................................................................................


Leabhar nua le hOrna Ní Choileáin don Fhoghlaimeor Fásta:


Bóthar na Rós



Gach eolas ar fáil sa siopa leabhar anseo.

--------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------

Eagarthóir Coimisiúnaithe Leabhar á lorg do LeabhairCOMHAR


Pacáiste eolais agus fógra ar fáil anseo

(Spriocdháta: 5pm Dé Máirt 16 Feabhra 2016)


---------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------

Leabhar nua le seoladh ag Scoil Gheimhridh Chumann Merriman 2016



Litríocht na Gaeilge ar fud an Domhain Iml. I & II

(Eag. Ríona Nic Congáil, Máirín Nic Eoin, Meidhbhín Ní Úrdail, Pádraig Ó Liatháin agus Regina Uí Chollatáin)


               

Tuilleadh eolais faoi chlár na scoile anseo & preasráiteas le gach eolas faoin dá imleabhar anseo

--------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------

Ócáid Seolta Thar an Tairseach

Seoladh Thar an Tairseach: Aistí ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg, an tríú leabhar sa tsraith leabhar ar Litríocht agus Chultúr na nÓg ar an Déardaoin seo caite (12/3/15) sa Siopa Leabhar ar Shráid Fhearchair. Bhí slua breá i láthair agus is Pól Ó Muirí, scríbhneoir, file, iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge The Irish Times, a sheol an leabhar ar an oíche. Dúirt sé go raibh an-áthas air go raibh a leithéid de rud is Litríocht na nÓg ann anois, agus mhol sé na scríbhneoirí agus na heagarthóirí cumasacha ar fad a bhí páirteach i scríobh an leabhair as saibhreas an saothair.

Grianghraif don triúr eagarthóir ag an seoladh thíos:

Róisín Adams, Caoimhe Nic Lochlainn & Claire Marie Dunne


-----------------------------------------------------------------------------------------------

Leabhair NUA 2014:


Cnuasach Comhar 1982-2012.
Eagarthóirí:Regina Uí Chollatáin & Aisling Ní Dhonnchadha
Cathair an Tíogair le Feargal Ó Dubhghaill [fós le teacht Feabhra 2015**]
Tíortha na hÓige: Litríocht Ghaeilge na nÓg agus Ceisteanna an Aistriúcháin
le hÓrla Ní Chuilleanáin

Thar an Tairseach: Aistí ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg.
Eagarthóirí: Róisín Adams, Claire Marie Dunne, Caoimhe Nic Lochlainn


Thar an Tairseach: Aistí ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg

Eagarthóirí: Róisín Adams, Claire Marie Dunne, Caoimhe Nic Lochlainn

 

Preas ráiteas anseo

 

Cnuasach Comhar 1982–2012: Ailt - Aistí - Agallaimh

 
Regina Uí Chollatáin agus Aisling Ni Dhonnchadha (eagarthóirí)
 



ISBN: 978-0-9927313-1-1
Clúdach bog: €15

Rogha atá sa chnuasach seo d'aistí, ailt agus agallaimh a foilsíodh san iris Comhar sna blianta 1982 – 2012,
 roghnaithe ag Aisling Ní Dhonnchadha agus Regina Uí Chollatáin.

Ar fáil sa siopa leabhar ar líne anseo

.............................................................................................................

Leabhair NUA 2013...


Creidim fós agus aistí eile. Éilis Ní Anluain, eag.

Laethanta Gréine agus Oícheanta Sí. Caoimhe Nic Lochlainn & Ríona Nic Congáil, eag.

Nílim ag iarraidh dul ar scoil. Áine Ní Ghlinn & Carol Betera

Nuair a Stadann an Ceol le Marie Whelton

An Uaigh le Laoise Ní Chléirigh

An Guth Baineann le Áine Ní Ghlinn



Nuair a Stadann an Ceol

Marie Whelton




ISBN: 978-0-9571593-5-8
Clúdach bog: €10
Foghlaimeoir Fásta
Preas-ráiteas anseo
Press release here

Tar éis di dul ar ollscoil agus cúpla bliain a chaitheamh ag obair, tá Róisín ar ais i mbun staidéir,
sa choláiste oideachais don bhunmhúinteoireacht an uair seo. Tá cairde nua aici agus tá go leor
ceoil á sheinm, ach tá deacrachtaí móra pearsanta aici freisin.

After some time spent working, Róisín is back at college again, this time to become a
Primary School teacher. She has new friends and is playing plenty of music but has
her shareof personal difficulties too. This is a story about the gifts and challenges of
family, friendship and music.



Nílim ag iarraidh dul ar scoil

Áine Ní Ghlinn & Carol Betera



ISBN: 978-0-9571593-9-6
Clúdach crua: €13
An Saol Óg


Pian sa bholg. Tinneas cinn. Slaghdán. Leithscéal ar bith le fanacht sa leaba agus
 gan dul ar scoil... Nach mar sin a bhraitheann gach duine againn ó am go chéile?
Leabhar pictiúr daite do pháistí óga scríofa ag Áine Ní Ghlinn agus maisithe ag Carol Betera.

An Uaigh

Laoise Ní Chléirigh



ISBN: 978-0-9571593-8-9
Clúdach bog: €12
Guth Nua

Do dhéagóirí: scéal dorcha diamhair faoi dhúnmharú agus faoi rúin ar chósta thoir
na hÉireann. An mbeidh cailín óg cróga in ann iad siúd atá i mbaol a thabhairt slán?
Tá sí ag iarraidh rún a choimeád faoi cheilt ach an mbeidh sí in ann sin a dhéanamh?

A dark, mysterious tale for teenagers involving murder and intrigue on the east coast of Ireland.


An Guth Baineann


Foras na Gaeilge