Siopa Leabhar

Caith súil ar an stór foilsiúchán againn sa siopa leabhar ar line.

Fógraí
Logáil Isteach Síntiúsóra



Milwaukee ’79

Bridget Bhreathnach

Ná bac le luibheanna codlata le dearmad a chur ort. Is é an luibh is fearr don chodladh ná iarracht a dhéanamh na réaltaí a chomhaireamh. Luigh siar ar an leaba, dún do shúile is lig ort féin go bhfuil tú ag breathnú ar an spéir mhór fhairsing os do chionn. Níl a shárú de seo le dearmad a chur ar dhuine ar thóir codlata. Sloigeann an dubhach is loscarnach na réaltaí d’intinn is sileann an codladh anuas ort i ngan fhios. 

Tá an cleas seo in úsáid agam le fada. Blianta ó shin sular tháinig mé air shamhlóinn go raibh mé mar a bheadh bean Tennyson sa dán sin The Lady of Shalott. Mo dhá shúil dúnta agus mé ar mo dhroim ar snámh le sruth dubh na habhann. D’oibrigh sé go maith ar feadh píosa ach b’fhacthas dom ar deireadh go raibh an iomarca gleo ann. Bhí An Ridire, is na cloigíní ar shrian a chapaill, ag cur isteach ar an gciúnas. Leis an torann a bhí aige ba dheacair dearmad a dhéanamh go raibh sé ar a bhealach ag iarraidh mé a shábháil. Bhíodh fuaim chiúin na habhann báite ag trup trup a chapaillín. Lady Shalott bhocht, gan uaithi ach ruainín suaimhnis is í céasta ag fir a slánaithe. Tháinig cleas na réaltaí chugam is mé ag iarraidh éalú óna slánaitheoirí. 

An rud faoi ná ní mór a bheith an-dháiríre faoi. Nó, a chur ina luí ort féin go bhfuil tú an-dháiríre faoi. Sin an cleas. Má choppáileann tú go bhfuil tú á ligean ort féin tá tú réidh. 

Caithfear a bheith iomlán sáite san obair atá romhat. Amhail is nach fiú trácht ar aon ghníomh eile faoin spéir ach líon na bpoincíní geala inti a chomhaireamh. Diaidh ar ndiaidh, titeann tú faoi gheasa is an chéad rud eile tá sé ina mhaidin. Ar thóir na draíochta sin a bhí mé an oíche a tháinig sé ar ais. 

Is fearr tosú leis an Réalta Thuaidh mar ancaire. Ceann éasca. Faigh an Camchéachta i dtosach agus ansin lean a threoir suas ag Polaris, an Réalta Thuaidh. Seasta le mo Dhaideó thíos ag an gCrumpán a cuireadh an Camchéachta ar mo shúile dhom i dtosach. An fharraige ag lapáil go ciúin ag ár gcosa is an spéir, breac le réaltaí, os ár gcionn. Is é an rud is tábhachtaí ná go mbeidh tú i gcónaí in ann do bhealach a dhéanamh abhaile má bhíonn tú in ann an Camchéachta a aimsiú. 

"An big dipper a thugann na Yanks air,” a dúirt Deaideó liom, "ná lig ort féin tada ach beidh a fhios agatsa an t-ainm ceart atá air nuair a ghabhfaidh tú ar ais.” Béaltostach thríd an aerphort abhaile, nothing to declare, rún mór an chéachta á iompar i m’ucht agam. Faitíos orm go bhfeicfeadh siad scríofa é i mo dhá shúil. Ach focal ní dhúras is tháinig slán.

Ceapann muid go dtabharfaidh an Réalta Thuaidh slán sinn. Nó go bhfuil an Réalta Thuaidh buan agus gurb iad na réaltaí eile atá ag fáinneáil thart. Ach tá an Réalta Thuaidh é fhéin ag sleamhnú leis agus faoi cheann céad bliain beidh sé céim eile níos gaire don Mol Thuaidh ná mar atá inniu. Ní hé Polaris an Réalta Thuaidh go deo na ndeor ach an oiread. Trí mhíle bliain ó shin ba é Túban an Réalta Thuaidh agus is é Alderamin a bheas ann faoi cheann 5,000 bliain eile. Bíonn píosaí ann nuair nach bhfuil aon Réalta Thuaidh ann, ná aon bhealach abhaile ag sealgairí an tsaoil. 

Cheap mé nach bhfaigheadh sé fhéin a bhealach abhaile arís. Bhí deich mbliana caite gan aon scéala is ní raibh aon súil a’m leis nuair a chuala mé "Brúigh anonn!” ag teacht chugam as an ndorchadas. Scaoil mé isteach faoin bpluid ag an teas é. Tharraing sé chuige mé is d’airigh mé a dhroim fós caol agus téagartha faoi mo lámha.    

Théis ancaire a aimsiú leis an Réalta Thuaidh is deas cuairt a thabhairt ar An Bodach. Ocht gcinn de réalta láidre is dornán réaltaí laga. Gualainn, gualainn eile, a haon a dó. Cos, cos eile, a haon, a dó. Crios, a haon, a dó, a trí, agus claíomh solais: an ceann deireanach. 

Is iomaí ainm atá baistithe ar an mbailiúchán réaltaí seo atá le feiceáil ó chuile áit ar domhan leis na cianta. Ach is é an t-ainm a bhaist na Gréagaigh air an ceann is fearr liom, Oiríon – An Sealgaire. In imeacht na hoíche tá An Sealgaire le feiceáil sa tóraíocht ar fud na spéire roimh imeacht ó radharc le theacht na maidne. An tsíoraíocht á caitheamh aige sa tseilg. 

Ar deireadh, bhí sé tagtha ar ais. Ba dheacair rud ar bith a rá leis. Dúirt mé liom féin: "coinnigh d’anáil is b’fhéidir go mairfeadh sé seo go deo.” An bheirt againn ciúin agus teolaí sa dorchadas. Ach ba chuma céard a dhéarfainn liom féin ní raibh aon mhaith ann, chaithfinn fios a bheith agam: "Cá ndeachaigh tú?” Ciúnas a tháinig mar fhreagra nó gur chuala mé osna uaidh ar deireadh agus ualach an tsaoil ann.

Ach nach raibh ualach ormsa freisin? Ní túisce sínte sa leaba mé chuile oíche ná go dtosódh an rí-rá. Mar a bheadh cnaipe a bhrúifi nuair a leagfainn mo chloigeann ar an bpiliúr. Imní go raibh sé caillte nó buailte i gcoirnéal éigin. Imní go raibh sé caite i seoltán suarach fáiscithe ón bhfuacht. Imní go raibh a bholg brúite ar chnámh a dhroma le hocras. Eascainí freisin. Síos díreach ag an diabhal atá mise ag dul má tá aon bhaint ag eascainí leis an scéal. Ar deireadh bhí mo chuid mallachtaí féin caite agam is bhí orm ceann de na féilirí sin a cheannach, Mallacht an Lae, le go mbeadh scóip cheart ag mo chuid damnuithe. 

"Abair amhráinín deas suaimhneach dhom,” chuala mé a ghlór ag teacht chugam mar a bheadh aislingí na bhfilí fadó. "Nó scéal, inis scéal, ceann réidh a chuirfidh rith ar an uaigneas.” B’amhail is nár imigh sé ariamh, nárbh ann do na hoícheanta lán cumha. D’airigh mé idir olc agus áthas ag éirí aníos ionam. Chuimhnigh mé go maith an chéad uair a bhí muid luite mar seo i bhfolach ón saol. Oíche shamhraidh eile i bhfad siar agus eisean i lár an chuimhnimh mar a bheadh lasair. Bhí mé fhéin is mo mhuintir ar cuairt i Kenosha, baile, d’fhéadfá "ciúin” a rá ach déarfainnse "caillte”, ar bhruach Loch Michigan, ceann de locha móra Mheiriceá. Maítear go bhfuil gar do chéad míle duine ina gcónaí ann, ach má tá, is i bhfolach atá siad. 

Baile uaigneach é a bhfuil a chroí is anam imithe. Sciobtha uaidh, i ndáiríre, ag Gurnee Mills, an tsiopalann is mó dár ceapadh ariamh. I lár an bhaile fágadh foirgnimh folamh le fuinneoga móra nach bhfuil le feiceáil anois iontu ach sráideanna uaigneacha. 

Ar cuairt ar chara le mo mháthair a bhíodh ina cónaí béal dorais linn ar Shráid Montrose i gcathair Milwaukee ach d’imigh sí ar ais go Kenosha, a háit dúchais, nuair a theip ar a pósadh. Nach shin a tharlaíonn? Teipeann ar phósadh. An dteipeann ariamh ar an ngrá, ná ar dhaoine? Nuair a d’imigh sí thug sí léi é. A mac agus mo chomrádaí. An chéad ghrá. B’shin 1979, is anois agus an bheirt againn sa ndorchadas bhí na laethanta sin caite. Fásta uilig agus saol an linbh fágtha inár ndiaidh againn. Níorbh ann don dara grá. 

"Shílfeá gur agatsa a bheadh na scéalta agus ní agamsa,” a dúirt mé leis le teann cuaifeach. "Cén scéal atá agamsa ach go bhfuil mé fós anseo, go bhfuil clann tógtha agus saol caite?” Ach bhí barúil agam go raibh a fhios aige nach raibh iomlán na fírinne á insint agam. Ní foláir ach go raibh rud éigin cloiste aige. Cén t-údar eile a bheadh aige a theacht ar ais an oíche seo thar aon oíche eile? Chaithfeadh go raibh a fhios aige go raibh mé len imeacht an lá dár gcionn. Ní raibh mé ag iarraidh tada a cheilt air ach bhí mé tachta ag na focla a thabharfadh an scéal dhó. Thit an ciúnas orainn arís, é líonta ag ceol samhraidh na mbuaf is na bpiobairí fraoigh. Ciúnas compordach. 

Ghéill mé ar deireadh. "Bí socair mar sin agus inseoidh mé scéal, ach níl a fhios a’m an é an ceann atá tú ag tóraíocht.” 

"Nach cuma,” a dúirt sé, "ach scéal a chuirfidh dearmad orm.”

As Rosmuc ó dhúchas, tá Bridget Bhreathnach ag obair mar Oifigeach Margaíochta leis na foilsitheoirí Cló Iar-Chonnacht. Bhain sí céim amach i mBéarla agus Eacnamaíocht, agus Dioplóma sa Ghaeilge le hOllscoil ha Éireann, Gaillimh. Tá tréimhsí caite aici ag obair sna healaíona, ina Bainisteoir Ginearálta le Taibhdhearc na Gaillimhe agus Bainisteoir Oifige le Branar. Chaith sí píosa mar Eagarthóir Ealaíne ar an nuachtán Foinse agus i mbun saoririseoireachta le IMEALL ar TG4 agus le RTÉ Raidió na Gaeltachta. Beidh a chéad leabhar, pictiúrleabhar do pháistí, Lúlú agus an Oíche Ghlórach, á fhoilsiú ag Futa Fata go luath.



Foras na Gaeilge