Siopa Leabhar

Caith súil ar an stór foilsiúchán againn sa siopa leabhar ar line.

»» Clicáil Anseo
FĂłgraĂ­
Logáil Isteach Síntiúsóra



Cráite ag cócó agus cnónna

Alex Hijmans

Is glas iad na cnoic i bhfad uainn, ach is ea is faide uainn iad, is ea is deacra a bhíonn sé an focal Gaeilge ceart a aimsiú le cur síos orthu. Bíonn dúshláin ar leith roimh iriseoirí agus scríbhneoirí na Gaeilge agus iad ag iarraidh cur síos ar áit nó ábhar nach mbaineann le gnáthóg nádúrtha na teanga.

Nuair a bhí an Ghaeilge fós i réim mar phríomhtheanga in Éirinn – is ea, i bhfad ó shin – bhí an domhan teoranta go leor. Bhí stór focal na teanga sásúil chun cur síos air. Ach nuair a d’imigh na hIarlaí agus nuair a rinne gorta, bochtanas, leatrom agus blianta de neamhshuim scrios ar an teanga, stad lucht a labhartha ag cumadh focal nua. Ní hé gur dhream leisciúil iad na bochtáin sna ceantair chúnga a choinnigh an Ghaeilge beo mar theanga labhartha, ach is beag an teagmháil a bhí acu le domhan a bhí ag méadú agus ag athrú lá i ndiaidh lae. Ní raibh gá ag muintir na mBlascaod le focail ar nós "frog biorshrónach na hAfraice Theas” (téarma an lae ar www.focal.ie ar an lá go bhfuil an t-alt seo á scríobh) toisc nach bhfaca siad an t-ainmhí céanna riamh ina saol. Tá an stair seo ar eolas againn ar fad, áit éigin ag cúl ár n-aigne, ach ní miste tagairt di le go dtuigimid cén fáth go bhfuil fadhb againn inniu nuair a theastaíonn uainn cur síos a dhéanamh, i nGaeilge, ar áiteanna atá i bhfad ó na críocha a mbíodh taithí ag na sean-Ghaeil orthu. Ar an mBrasaíl, mar shampla.

Is minic, agus mé ag obair ar Favela (Cois Life), leabhar faoi bhruachbhaile bocht i gceann de mhórchathracha na Brasaíle, gur céasadh croí a bhí ann focal Gaeilge oiriúnach a aimsiú ar choincheap simplí – fiú le cúnamh na bhfoclóirí, na cinn chlóite agus na cinn atá ar-líne. Tá mo chóipeanna d’fhoclóirí Uí Dhónaill agus De Bhaldraithe ag titim as a chéile ó ró-úsáid agus déarfainn gur mé is ciontach as cuid shuntasach den 640,000 (!) cuardach a dhéantar ar www.focal.ie in aghaidh na míosa, ach dá bhfeabhas iad na háiseanna téarmaíochta atá againn, tá teorainn lena réimse. 

Agus uaireanta, ní bhíonn ciall ar bith leo. Mar shampla, fuair mé amach agus mé ag obair ar alt nuachta, an lá cheana, gurb ionann an Ghaeilge ar "cocoa” agus "coconut”. Is ea, tugann na foclóirí clóite agus ar-líne "cócó” ar an dá rud, a bhuíochas le botún a rinne Niall Ó Dónaill agus a fhoclóir siúd á chur i dtoll a chéile aige. Thug seisean "cócó” ar "cocoa” agus "cnó cócó” ar "coconut”, rud a thabharfadh le tuiscint go bhfásann an coconut ar an gcrann cocoa. Ach níl an dá rud gaolta, fiú amháin. Fásann coconuts ar phailm ard darbh ainm cocos nucifera; fásann cocoa ar chrann bheag darbh ainm theobroma cacao. 

Is i bhfad ó chnónna cócó a rugadh Niall Ó Dónaill, ach chruthaigh a leisce le ciclipéid na bplandaí fadhb dhosháraithe domsa. Má scríobhaimse abairt ar nós "Tá lucht fásta cócó an réigiúin míshásta” cuirim geall go gceapfaidh nócha-naoi faoin gcéad de na daoine a léann í gur lucht fásta coconuts atá i gceist agam. A mhalairt: ba iad lucht fásta an cocoa a bhí míshásta.

D’fhéadfaí a chur i mo leith gur cancrán mé, ach níl anseo ach ceann de chéad samplaí a d’fhéadfainn a thabhairt faoin gcéasadh croí a thugann an Ghaeilge don té a dteastaíonn uaidh cur síos a dhéanamh ar nithe nach mbaineann le gnáthóg nádúrtha na teanga. An sampla is fearr, b’fhéidir, ná an deacracht ollmhór atá sa Ghaeilge leis an mbealach chun cur síos a dhéanamh ar dhath craicinn dhuine. 

Rinne mé clár faisnéise do Nuacht TG4 faoin mbruachbhaile bocht Brasaíleach céanna atá faoi chaibidil sa leabhar a luaigh mé thuas. Sa chlár faisnéise, ba "dhaoine dubha” iad muintir an bhruachbhaile; ba "dhaoine gorma” iad sa leabhar. Cén fáth? Treoirlínte eagarthóireachta éagsúla ag an stáisiún teilifíse agus ag an teach foilsitheoireachta. 

Ar ndóigh, níl craiceann na ndaoine a bhí faoi chaibidil dubh ná gorm. Ina dteanga féin, tugann siad moreno, cafuzo, sarará nó negro orthu féin, nó focal eile as an réimse ollmhór atá ag Portaingéilis na Brasaíle le cur síos a dhéanamh ar dhathanna craicinn de gach uile imir. Ach ní raibh ar fáil domsa sa Ghaeilge ach "duine dubh” (téarma a mothaíonn go leor cainteoirí Gaeilge a bhfuil diúltacht ag baint leis) agus "duine gorm” (téarma a cheapann go leor de chainteoirí Gaeilge an lae inniu atá aisteach, toisc go bhfuil ár dtuiscint ar cad is "gorm” ann difriúil ón tuiscint a bhí ag na sean-Ghaeil ar "ghorm”.) 

Sa deireadh ba é an bealach amach a d’aimsigh mé ná cur síos rud beag fileata a dhéanamh ar dhathanna craicinn ina ionad. Anois, bíonn mo chuid iriseoireachta agus scríbhneoireachta faoin mBrasaíl breac le daoine "ar dhath seacláide” nó "ar dhath caife a bhfuil braon maith bainne tríd”. Is léir go bhfuil a chonstaicí féin ag an gcleachtas seo: muna mbíonn tú cúramach téann an téacs i dtreo na doiléire, nó, níos measa, i dtreo na háiféise.

Moltar don té a dhéanann cáineadh réiteach a chur ar fáil, ach níl réiteach simplí ar shriantacht stór focal na Gaeilge. Is maith ann iad na háiseanna téarmaíochta ar-líne, ach is minic a thugann siad téarma duit atá cruinn agus ceart ach nach bhfuil sa chaint ("nuashonrú” in ionad "uasdhátú”) nó téarma atá chomh rúndiamhrach go mbeadh an Sfincs bródúil as – "réad eitilte gan aithint”. Anuas air sin tá claonadh stairiúil ag cainteoirí Gaeilge, muintir na Gaeltachta ach go háirithe, i gcoinne na nua-théarmaíochta ("Gaeilge na Leabhar.”) Focal deas nuachumtha é "brú-bhruthaire” ach ní fheicim bean tí i Ros Muc á úsáid nuair atá an pressure cooker á lorg aici. Ní dhéanann an nós seo saol an iriseora Ghaeilge níos éasca; go deimhin cuireann sé leis an bhfáinne fí ina bhfuil an teanga ó thaobh na nuathéarmaíochta de. An moladh is fearr atá agam – cé gur beag an cúnamh é – ná breathnú ar na srianta atá ag an teanga mar dhúshlán. Dúshlán do shamhlaíocht lucht a labhartha agus a scríofa. 

Agus an cnó cócó...? Rinne mé teagmháil le muintir www.focal.ie faoi agus chuir siadsan mo cheist ar aghaidh chuig an gCoiste Téarmaíochta. Gan mhoill, fuair mé ríomhphost ón gCoiste ag rá go bpléifí an ghéarchéim a bhí aimsithe agam (ná deanaimis dearmad, tá botún bunúsach i ngach uile fhoclóir Gaeilge i gceist!) ag an gcéad chruinniú eile de chuid Choiste Stiúrtha an Choiste. Coiste Stiúrtha an Choiste Téarmaíochta féin! Agus comhairle an choiste seo: le scéal fada a dhéanamh gairid, "crann cacó” a thabhairt ar an gcrann a dtugann a shíolta an deoch blasta "cacó” dúinn. Bhuel, is fúinne atá sé an crann cacó a thabhairt isteach sa chaint.

Is scrĂ­bhneoir agus iriseoir Ă© Alex Hijmans agus cĂłnaĂ­ air sa BhrasaĂ­l



Foras na Gaeilge